I ndiaidh díshealbhuithe ón eastát Dhoire Bheatha, níor tháinig daoine go dtí an áit le socrú. Bhí an tiarna talún i ndiaidh John George Adair níos fearr. Tháinig an tAcht Tionónta agus Tiarna Talún isteach fosta le cearta a thabhairt do thionóntaí. Tá fianaise ann go fóill go raibh daoine ina gcónaí ansin – tá bothóga fhód, ballaí cloiche, claiseanna cloiche agus iomairí na bprátaí le feiceáil. Tá thart fá 2000 acra ar an eastát Ghleann Domhain. Tá claí ar an imeall thart an eastát (imfhál) fá choinne na fianna. Téann an claí thar Dhún Lúiche agus Chró Nimhe | 00:01:57 | |